Níon a’ Bhaoigheallaigh
Ó, bhí mé oíche taobh istigh Fhéil’ Bhríde,
A’ faire thíos ar a’ Mhullach Mhór,
Agus tharlaigh an naoi díom a dtug mé gnaoi di,
Mar bhí sí caoithiúil lách álainn óg.
‘Sí go cinnte a mhearaigh m’intinn,
Agus lia na bhFiann, ó, ní leigheasfadh mé
Agus tá mo chroí istigh ‘na mhíle píosaí
Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glé.
A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt,
Orú, druid anall liom agus tabhair domh póg,
Agus dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom,
Nár chuma liomsa, a mhíle stór?
A mhíle grá, tá cách a’ rá liom
Gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás,
Agus níl lá margaidh a mbíodh sna Gearailtigh
Nach bhfaighinn cúl feamainneach agus mise ag ól.
Is fada ‘n lá breá ó thug mé grá duit,
Agus mé ‘mo pháiste bheag óg gan chéill,
‘S gur leatsa shiúlfainnse cnoic ‘s gleanntáin,
‘S go Baile ‘n Teampaill dá mbíodh sé romham,
Ach anois ó tá mise curtha cráite,
‘S gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth,
A Rí tá i bParthas, ó, déan domh fáras
I ngleanntáin áilne lena taobh.