An Bealach Seo ‘Tá Romham (This Road Ahead of Me)
Is minic mé ag smaointiú,
Is mé ag féachaint ar gach taobh domh,
Is feicim sluaite daoine idir aosta is óg,
‘S iad faoi dheifre shíoraí ag siúl an bealach céanna,
Ina bhfuil mé féin go cloíte ag taisteal leo sa ród.
Is leanfaidh siad a choíche, is saint ina gcroíthe,
Ag bailiú leo maoin shaolta, ó mhaidin go neoin,
Tá mise ag leanstan daofa, ‘s ní bhfaighidh mé sos nó scíste,
Go scroichfidh mé ceann scríbe,
Sa bhealach seo ‘tá romham.
Is íomaí corr is lúbadh, sa turas chun na huaighe,
‘s íomaí ábhar buartha, ‘casfar ort sa tslí,
Ach is fusa iad a shárú, le greann agus le gáire,
‘S a bheith i gcónaí sásta, nó a theacht le toil an Rí.
Is cuma cad ‘tá i ndán domh, ‘s ag Dia féin atá a fhios ag sin,
Ní bheidh mé choíche cráite, le buaireamh nó brón,
Ach cuirfidh mé mo dhóchas i nDia mhór na Glóire,
‘S dhéanfaidh sé mé ’threorú, sa bhealach seo ‘tá romham.