Cumha an Oileáin
Céad slán leis an oileán inár chaith mé mo shaol,
Céad slán leis na beanna, an chnoc is an sliabh,
Céad slán leis na poirt , Port a’ Chroinn is Port Úr,
Céad slán leat, a Ghabhla, céad slán leat go buan.

I mo bhrídeog a chuaigh mé go dtí’n Baile Thiar,
Le Dónall, mo chéile, go seascair a bhíos,
De chlann, bronnadh orainn triúr mac agus níon,
Ba mhinic’ an gáire ná an ghruaim in mo shaol.

Ag Carraig an Aifrinn, tráthnóna Déardaoin,
Do ghuigh mé chuig Muire an doineann a chloí,
Ach mo chéile ’s mó chlann mhac, do ghoid sé uaim,
Agus faire gan coirp a bhí agam Dé Luain.

Tá Máire, mo níon, amuigh ar tír mór,
Is aici a rachad le hualach mo bhróin,
Ach mo mhian is mo chroí, ní fheicfidh mé go deo,
An teach beag a thóg Dónall, mo chéile, fadó.